Ceolchoirm - Súil Amháin - Concert
CDM’s
I gcorplár na dianghlasála is ea d'fhiafraigh Áine Ní Chíobháin de Súil Amháin ar mhaith leis siollaí (agus seilí) a chur ar rian úrnua leis an léiritheoir aitheanta Bantum i gcóir an taispeántais 'Cogar' a bhí á reáchtáil aici do fhéile Other Voices in 2020. Ba bheag an mhoill a bhí ar Súil Amháin (a bhfuil dhá shúil aige) maidhc ar iasacht a lorg ar chomharsa leis chun a ghlór a thaifead. Tá ceithre rian curtha amach go dtí seo - Viva Liobarnach, Lá Breá, Incantation of Féile-Flow Funk agus Oíche Mhaith. Bhí sé ar stáitse ag Féile an Earagail, Other Voices, Liú Lúnasa agus Reic. Tá tarracar port eile le teacht uathu in 2021.
Súil Amháin is the hip hop project of Irish language poet Séamus Barra Ó Súilleabháin. It emerged from a collaboration with renowned producer Bantum as part of an online exhibition 'Cogar' curated by artist Áine Ní Chíobháin for Other Voices festival in West Kerry. In 2020 Súil Amháin released for 4 songs all produced by Bantum -'Viva Liobarnach' . 'Lá Breá', 'Incantation of Féile-Flow Funk' and 'Oíche Mhaith', and perfomed at Other Voices, Féile an Earagail Arts Festival, Féile Liú Lúnasa and Reic. Plenty more to come in 2021.