Back to All Events

Láinseáil Phlean Teanga Chléire - Launch of Cléire Language Plan

Láinseáil Phlean Teanga Chléire - Launch of Cléire Language Plan

Coláiste Pobail Chléire

A chara, 


Is cúis mhór áthais dom cuireadh a thabhairt duit chuig lainseáil Phlean Teanga Chléire ar an 19 Lúnasa ó 1i.n. - 2i.n. ag Coláiste Pobail Chléire, Oileán Chléire. 


Sheol an tAire Stáit Jack Chambers Plean Teanga Chléire faoi scéim na Pleanála Teanga i mí Lúnasa 2021. An chiall a bhí leis sin ná go raibh stádas oifigiúil bainte amach ag Cléire mar Limistéar Pleanála Teanga ón dáta sin ar aghaidh. Fostaíodh Ruairí Ó Donnabháin mar Oifigeach Pleanála Teanga i mí Iúil 2022. Tá sé freagrach as cur i bhfeidhm an phlean i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta, Comharchumann Chléire agus muintir Oileán Chléire.


Tá súil agam go mbeidh tú ábalta teacht chun na lainseála chun Plean Teanga Chléire a cheiliúradh. Beidh craic agus ceol ó healaíontóirí agus ceoltóirí áitiúla ar an lá agus beidh sólaistí ann chomh maith. Beidh ceolchoirm ‘Trá Pháidín’ agus ‘Súil Amháin’ ar an oíche mar chuid den fhéile ealaíne agus cultúrtha OILEÁN leis.


I gcaitheamh na mblianta, chuir a lán daoine fúthu ar Chléire nó tháinig siad chun an oileáin chun a gcuid Gaelainne a fheabhsú. Dá bhrí sin, iarraim ort cuidiú liom an cuireadh seo a scaipeadh ar fud na cruinne chuig éinne a bhfuil ceangal acu le hOileán Chléire nó a rinne iarracht stádas na Gaeilge a chur chun cinn ar an oileán. 


Má tá aon cheist agat nó má táim ábalta aon tacaíocht a thabhairt duit chun bualadh linn ar an lá ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom ag na sonraí thíos.  


RSVP chuig ruairiodonnabhainopt@gmail.com

A chara, 


It is my pleasure to invite you to the launch of Plean Teanga Chléire on Aug 19th from 1pm - 2pm at Coláiste Pobail Chléire


In August of 2021, Minister of State Jack Chambers approved the Cape Clear Island Language Plan under the language planning process and Cape Clear achieved its official status as a Language Planning Area. In July of 2022, Ruairí Ó Donnabháin was employed as the Language Plan Officer responsible for the implementation of the plan in partnership with Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Chléire and the community on Cape Clear Island. 


I hope you can join us to celebrate the launch of the Cape Clear Island Language Plan, entertainment from local artists and musicians will take place and refreshments will be provided. On the evening in question if you choose to stay on Cape Clear Trá Pháidín and Súil Amháin will play live concerts as part of the annual OILEÁN Arts and Culture Festival.


Many people have called Cape Clear Island home or come here to learn the Irish Language over the years so I would also ask your help in spreading this invitation far and wide to anyone who you think might like to attend who has a connection with Cape Clear Island or has supported the development of the Irish Language. 


If you have any questions or I can help facilitate your attendance at the launch in anyway please don’t hesitate to contact me using the details below, 


RSVP to  ruairiodonnabhainopt@gmail.com